12. Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.
13. Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe,ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.
14. “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n‑anó.
15. Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa?Tá cur i gcéill ar siúl aici!An bhféadann móideanna agusfeoil choisricthe do chiontacht a chur díot?An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr?
16. Crann ola breá géagach, daingean,a thug an Tiarna d'ainm ort.Faoi ghreadadh gaoithe móirecuireann sé tine lena dhuilliúr;tá a chraobhacha ar lasadh.
17. “Agus d'fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d'aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.”
18. D'fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom.
19. 11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”
20. Ach, a Thiarna na Slua,is tú an breitheamh cóir,is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí;feicimse do dhíoltas orthu,mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.