6. Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”
7. Ach dúirt an Tiarna liom:“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
8. Ná bíodh faitíos ort rompu,óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,is é an Tiarna a labhraíonn.”
9. Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,
10. a réabadh aníos agus a leagan síos,a mhilleadh agus a scriosadh,a thógáil agus a phlandú.”
11. Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise.
12. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.”
13. Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: “Céard a fheiceann tú?” Arsa mise: “Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.”
14. Ansin dúirt an Tiarna:“Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;
15. óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt - is é an Tiarna a labhraíonn.Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoiri mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird,agus in aghaidh bailte uile Iúdá.
16. Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n‑aghaidhi ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad misechun túis a loscadh do dhéithe eileagus oibreacha a lámh féin a adhradh.