1. Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.
2. Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim.
3. Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.
4. Tháinig briathar an Tiarna chugam, á rá:
5. “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort;sular rugadh thú choisric mé thú;d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”
6. Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”
7. Ach dúirt an Tiarna liom:“Ná habair, ‘Is leanbh mé.’Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú,agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é.
8. Ná bíodh faitíos ort rompu,óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce,is é an Tiarna a labhraíonn.”
9. Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom:“Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal.Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,
10. a réabadh aníos agus a leagan síos,a mhilleadh agus a scriosadh,a thógáil agus a phlandú.”
11. Tháinig briathar an Tiarna chugam: “rí Irimia, céard a fheiceann tú?” “Feicim slat almóinne,” arsa mise.
12. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.”