5. ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.
6. Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: “Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.”
7. Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: “B'fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d'fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?”
8. “Seirbhísigh duitse sinn,” ar siad le Iósua. “Agus cé hé sibh féin?” arsa Iósua, “agus cad as daoibh?”
9. “Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;
10. agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót.
11. Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: ‘Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n‑airicis agus abraigí leo: “Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.’ ”