1. Na ríthe go léir ar an taobh seo den Iordáin agus ar na hísleáin, ar an bhfeorainn ar feadh na Farraige Móire i dtreo na Liobáine, na Hitigh, na Hamóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh - nuair a chualadar ina thaobh seo,
2. rinneadar comhaontú le chéile chun troda in aghaidh Iósua agus chlann Iosrael.
3. Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,
4. bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D'imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n‑asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe;