5. Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”
6. Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”
7. Dúirt sé leis an bpobal: “Gluaisigí romhaibh agus timpeallaigí an chathair agus téadh an t‑urgharda roimh áirc an Tiarna.”
8. Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.
9. Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.
10. Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”