25. Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.
26. Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad:Go raibh mallacht ar an té a éireoidhagus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís;ar a chéadghin a luífidh a bonn,agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí.
27. Bhí an Tiarna fara Iósua agus leath cáil Iósua faoin tír ar fad.