Iósua 6:21-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.

22. Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”

23. Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d'fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael.

24. Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.

25. Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.

Iósua 6