3. agus tabhair an t‑ordú seo dóibh: ‘Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.’ ”
4. Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh,
5. agus dúirt sé leo: “Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael,
6. chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: ‘Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?’
7. déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”
8. Rinne clann Iosrael mar a dúirt Iósua leo; thógadar dhá chloch déag as leaba na Iordáine ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, mar a dúirt an Tiarna le Iósua; thugadar anonn chun an champa iad agus leagadar ansiúd iad.
9. Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.
10. Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir
11. agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.
12. Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d'ordaigh Maois dóibh.
13. Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.