Iósua 4:19-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál.

20. Ansin dúirt sé le clann Iosrael: “Nuair a chuirfidh bhur gclann ceist ar a n‑aithreacha sna laethanta le teacht: ‘Cén chiall atá leis na clocha seo?’

21. abraigí leo: ‘Gabh clann Iosrael thar an Iordáin seo cos tirim’;

22. mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,

23. i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.”

Iósua 4