Iósua 24:29-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.

30. Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.

31. Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.

32. Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.

33. Ansin d'éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.

Iósua 24