Iósua 19:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia.

13. Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá.

14. Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael.

15. Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil - dhá chathair déag lena sráidbhailte.

16. Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní - na cathracha sin agus a sráidbhailte.

17. Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní.

18. Ar a dtailte bhí Izréil, Casulót, Siúnaem,

19. Hafáraím, Síón, Anácharát,

20. Raibít, Ciseon, Eibiz,

21. Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz.

22. Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin - sé cathracha déag lena sráidbhailte.

Iósua 19