17. Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.”
18. “Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.
19. Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
20. Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.
21. D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael.
22. Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.”
23. Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón.
24. Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.
25. Lean Iósua air: “Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n‑aghaidh.”
26. Ansin bhuail Iósua an buille báis orthu agus mharaigh iad agus chroch iad ar chúig crainn, agus fágadh crochta ar na crainn iad go tráthnóna.
27. Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.
28. Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d'imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó.