1. Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.
2. Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.
3. Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón.
4. “Taobhaigí liom,” ar sé, “agus tagaigí i gcabhair orm; déanaimís Gibeón a scrios mar go ndearna sí síocháin le Iósua agus le clann Iosrael.”
5. Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
6. Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
7. Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.