Iósua 1:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.

5. Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.

6. Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.

7. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.

8. Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.

9. Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”

10. Ansin thug Iósua ordú d'oifigigh an phobail á rá: “Gabhaigí tríd an gcampa agus tugaigí an t‑ordú seo don phobal:

Iósua 1