4. Theilg tú mé síos san aibhéis,i ndoimhneacht na farraige,mar ar thimpeallaigh an díle mé,agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uileag madhmadh tharam.
5. Dúirt mé liom féin, mar sin:‘Tá mé díbeartha as do láthair.Conas a gheobhaidh mé radharc arísar do Theampall naofa?’
6. Bhí na huiscí do mo chiorclú,agus mé i mbaol mo mhúchta;bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobhagus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.
7. Síos liom go fréamhacha na sléibhte;bhí barraí fhearann an Bháisá ndaingniú orm feasta choíche.Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mégo beo beathach,a Thiarna, a Dhia liom!
8. Agus mé ag dul i laige le giorra anála,chuimhnigh mé ar an Tiarnaagus tháinig m'achainí chugatsa,chomh fada le do Theampall naofa:
9. Go n‑éirí lucht adhartha íol gan éifeachtas a mbaothdhílseacht dóibh.
10. I dtaca liomsa de, áfachofrálfaidh mé íobairt duitmar aon le caintic bhuíochais;agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé.Is don Tiarna is dleachtan fhuascailt a dhéanamh.”
11. Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim.