Ióna 1:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití:

2. “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.”

3. D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.

Ióna 1