Ióéil 4:17-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. “Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia,a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa.Beidh Iarúsailéim ina háit naofaagus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.”

18. An lá sinsilfidh na sléibhte fíon nua;beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoicagus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá.Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarnaagus uisceoidh sé Gleann Sitím.

19. Beidh an Éigipt ina díthreabhagus Eadóm ina fhásach lomde dheasca na hainíde a d'imir siad ar chlann Iúdánuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír.

Ióéil 4