1. D'fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt:
2. An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat?Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
3. An gclaonann Dia an ceart?An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?
4. Má pheacaigh do chlann ina aghaidhThug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.
5. Má théann tú faoi choimirce Dé,Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,
6. Má bhíonn tú íon ionraic,Ansin músclóidh sé ar do shon,Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.
7. Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.
8. Cuir ceist ar an nglúin a d'imigh romhat,Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear -
9. Fás aon lae sinne, gan aon eolas;Níl inár ré ar talamh ach scáil -
10. Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat,Agus briathra mar seo á rá ó chroí:
11. An bhfásann an phaipir gan bhogach?An mbláthaíonn geitirí gan uisce?
12. Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise,Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.
13. A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé,Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal