8. An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó.Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.
9. Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal,Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.
10. Ní thagann sé abhaile arís,Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.
11. Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga,Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh.Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.
12. An mé an Mhuir nó an OllphiastA rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?
13. Má deirim: “Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom,Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,”
14. Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidíAgus scanradh le físeanna,
15. I dtreo gur fearr le m'anam folathachtadh,Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha
16. Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách.Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth.
17. Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de?Nó go dtógfá ceann de?
18. Go ndéanfá fiosrú air gach maidinAgus é a thriail gach nóiméad?
19. Cá fhad go dtógfair díom do shúileAgus ligean dom mo sheile a shlogadh?
20. Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin,A fhir faire an chine dhaonna?Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom,I dtreo gur ualach ort mé?