Iób 5:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Maraíonn an faltanas an t‑amadánAgus básaíonn an formad an duine baoth.

3. Nuair a chonaic mé duine ceanndána,Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:

4. “Is fada a bheidh an conách óna chlann;brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.

5. Beidh cíocras air chun a fhómhair,Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”

6. Óir ní eascrann urchóid ón ithir,Ná ní phéacann anró as an talamh,

7. Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,Mar a eitlíonn na badhbha in airde.

8. Uime sin is chun Dé a ghairmfinnAgus is dó a nochtfainn mo chúis;

Iób 5