Iób 5:15-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos,Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.

16. Fágann sin dóchas ag an dearóil,Agus a chlab dúnta ag an éagóir.

17. Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia;Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,

18. Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht;Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.

19. Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid,Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.

20. Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta,Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.

21. Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga,Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.

22. Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc],Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta.

23. Beidh conradh agat le clocha an ghoirt,Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.

24. Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán,Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.

25. Feicfidh tú do shíol ag síolrú,Agus do shliocht mar fhéar an bháin.

26. Rachaidh tú isteach i d'uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta,Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth.

27. Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá;Éist leis; tabhair aird go maith air.

Iób 5