11. Ardaíonn sé na daoine ísleAgus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.
12. Cuireann sé bearta na gcealgairí amú,I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh.
13. Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais,Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.
14. Bíonn dorchadas rompu sa láAgus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.
15. Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos,Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
16. Fágann sin dóchas ag an dearóil,Agus a chlab dúnta ag an éagóir.
17. Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia;Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,