1. Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort?Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú?
2. Maraíonn an faltanas an t‑amadánAgus básaíonn an formad an duine baoth.
3. Nuair a chonaic mé duine ceanndána,Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:
4. “Is fada a bheidh an conách óna chlann;brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
5. Beidh cíocras air chun a fhómhair,Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”