15. Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat;Itheann sé féar mar an damh
16. Nach aige atá an neart ina leasracha,Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!
17. Tá a eireaball chomh teann le crann céadair,Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.
18. Is cuma nó píopaí práis a chnámha,Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.
19. Eisean sárshaothar Dé,Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,
20. Á chosc ó arda na sléibhte,Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.
21. Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog,Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;
22. Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige,Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.
23. Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air.Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.
24. Cé a bhéarfaidh air ina uachais,Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?
25. An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?Nó dorú a chur timpeall a theanga?
26. An féidir duit fáinne a chur ar a shrónNó dubhán a chur trína ghiall?