1. An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán?Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?
2. An eol duit an iomaí mí a bhíonn siad ag tórmach?An eol duit cathain a bheireann siad?
3. Cúbann siad chucu ag breith a laoAgus saolaítear a n‑óg dóibh [gan scáth san fhásach].
4. Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna,Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.
5. Cé a scaoil leis an asal fiáin?Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear?
6. Thug mé an fásach dó mar dhúchas,Agus na machairí salainn mar áit lonnaithe.
7. Is beag air trácht na cathrach,Agus ní éisteann le glaonna tiománaí.
8. Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé,Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.
9. An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit,Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?
10. An féidir duit é a cheangal sa scríob le téadaNó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?
11. An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh,Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?
12. An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé,Agus do ghrán a thabhairt chun d'urlár buailte?
13. An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraiseAr chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?