6. Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí?Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,
7. Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir,Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?
8. Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí,Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
9. Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
10. Chuir mé teorainn léi,Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.
11. Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo;Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”
12. Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol?Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?
13. Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhainAgus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as,
14. Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala,Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,
15. Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh,Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
16. An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige?Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin?
17. Ar nochtadh duit doirse an éagaNó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?
18. Ar mheas tú leithead na talún?Inis, más fios duit, a fairsinge dom.
19. Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais?Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
20. Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é?Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?