Iób 36:10-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Cuireann sé cogar ina gcluais,Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.

11. Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,Agus a mblianta deiridh go sochma.

12. Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad,Agus buaileann an bás iad gan choinne.

13. Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothúAgus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.

14. Faigheann siad bás ina n‑óige,Nó caitheann siad saol náireach;

15. Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise,Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.

16. Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin;Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn,Agus sólais mhéithe ar do bhord.

17. Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.

18. Seachain agus ná mealladh maoin thú,Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.

19. Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.

20. Ná satail ar na daoine nach aithnid duitD'fhonn do ghaolta a chur ina n‑áit.

21. Seachain agus ná claon leis an olc,Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.

22. Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,Cé is teagascóir mar é?

23. Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?

24. Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.

Iób 36