Iób 34:18-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,Agus “coirpeach” ar thaoiseach,

19. Agus nach mbeadh lé aige le flatha,Ná le saibhre thar na boicht,Mar gur óna láimh féin iad uile.

20. Faigheann siad bás i bprapadh na súl;Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;

21. Óir tá súil aige ar iompar an duine,Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.

22. Níl dorchadas ná scáil bháis ann,Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.

23. Óir ní dhearna sé coinne d'aon duineLe dul i láthair Dé i mbreithiúnas.

24. Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,Agus cuireann dream eile ina n‑áit.

25. Tá fios a mbeart aige,Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.

26. Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.

27. “D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,

28. I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.

29. D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,

30. Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.

31. Má deir duine le Dia:“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.

32. Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”

33. - Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,Abair céard atá ar eolas agat.

34. An mhuintir thuisceanach go léir,Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:

35. “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”

Iób 34