Iób 34:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:

2. Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.

3. Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.

4. Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.

5. Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.

6. Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”

7. An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,A shlogann an sciolladh mar uisce?

8. Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilcAgus a shiúlann le hurchóidigh?

9. Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce éDo dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”

10. Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;Is fada ó Dhia an choirpeachtAgus an éagóir ón Uilechumhachtach.

11. Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.

12. Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;

13. Cé chuir an chruinne faoina chúramAgus an saol mór ina iontaoibh?

14. Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

Iób 34