9. Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.
10. Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”
11. Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,
12. Bhí aird agam oraibh.Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú;Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.
13. Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].
14. Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint;Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.
15. Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,Ná freagra ina mbéal.
16. D'fhan mé nó gur éisteadar,Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.
17. Beidh rud éigin le rá agamsa anois!Déanfaidh mise anois m'eolas a fhógairt.
18. Féach! táim lán de chaint!Agus tá an spiorad i mo bholg do m'éigniú.