2. Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.
3. Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].
4. Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean.
5. Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.
6. Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt:Táim ar bheagán bliantaAgus sibhse in bhur seanóirí,Uime sin bhí eagla agus ceann faoi ormMo smaointe a nochtadh.
7. Dúirt mé: “Labhraíodh na bliantaAgus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”
8. Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine,Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
9. Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.
10. Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”