24. Ar chuir mé mo mhuinín san ór?Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.”
25. Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?
26. Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,Nó niamh na gealaí ina cúrsa,
27. Ar mealladh mo chroí os ísealIs gur chaith mé póg ó mo láimh leo?
28. Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí -Mé a shéanadh Dé in airde.
29. Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?
30. Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.
31. Nár dhúirt lucht mo bhotha:“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”
32. Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].
33. Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?
34. An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobailNó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?
35. Uch gan [Dia] le héisteacht liom!Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
36. Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,Caithfidh mé ar mo ghualainn é,Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;
37. Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol,Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.
38. Má ghlaoigh mo chuid talún i m'aghaidh,Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,
39. Má ith mé a thoradh gan díol as,Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,
40. Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.(Sin críoch ar bhriathra Iób.)