Iób 30:4-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.

5. Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;

6. Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.

7. Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.

8. Síol gan uaisleacht gan mheas,Scriosadh iad as an tír.

9. Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!Táim i mo sceith béil acu.

10. Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé.Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.

11. De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé,Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.

12. Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne,Agus ag caitheamh asachán [liom],Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.

13. Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios;Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc.

14. Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan,Agus basctar mé faoin mbruscar.

15. Scaoileadh uafáis liom,Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.

16. Tá m'anam ag leá uaim,Agus greim ag laethanta péine orm.

17. Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche;Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.

18. Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt,Agus fuair greim ar bhóna m'fhallainge.

19. Chaith sé sa dríb méAgus is cuma mé nó lathach is luaithreach.

20. Glaoim ort gan freagra a fháil;Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom.

21. D'éirigh tú cruálach ag plé liom,Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.

22. Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth,Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme.

23. Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith,Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir.

24. Ach ar leag mise lámh riamh ar na boichtAgus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste?

Iób 30