Iób 30:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach is ceap magaidh mé anoisAg na sóisir, ag dream is óige ná mé féin,Nárbh fhiú liom a n‑aithreachaA chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.

2. Cén tairbhe dom neart a lámh,Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd

3. Le gannchúis agus le gorta!Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh,

4. Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.

5. Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;

6. Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.

7. Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.

8. Síol gan uaisleacht gan mheas,Scriosadh iad as an tír.

9. Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!Táim i mo sceith béil acu.

10. Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé.Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.

11. De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé,Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.

12. Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne,Agus ag caitheamh asachán [liom],Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.

13. Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios;Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc.

14. Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan,Agus basctar mé faoin mbruscar.

15. Scaoileadh uafáis liom,Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.

16. Tá m'anam ag leá uaim,Agus greim ag laethanta péine orm.

Iób 30