12. Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom,Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?
13. Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas,Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,
14. Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne,A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe,
15. Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh,Agus a líonadh a dtithe le hairgead;
16. Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann],Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.
17. Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n‑urchóidAgus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas.
18. Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile,Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh.
19. Is cuma uasal agus íseal ansiúd,Agus tá an daor saor óna mhaistir.
20. Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt?Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,
21. An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theachtAgus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe;
22. An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire,Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh;
23. Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach,Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?