14. Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.
15. Ba shúile mé don dall,Agus cosa don bhacach.
16. Ba athair mé don bhochtán,Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.
17. Bhris mé giall an éagóraighAgus sciob mé a chreach óna fhiacla.
18. Dúirt mé liom féin: “Gheobhaidh mé bás faoi onóir;Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme,
19. Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí,Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.
20. Ní rachaidh mo cháil ar gcúl,Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.”
21. D'éisteadh daoine liom go foighneach,Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu.
22. Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís,Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
23. Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach.Agus d'osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
24. Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís;Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne.
25. Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach;Agus bhínn mar rí i measc a shluaite,Agus mar shólásaí do lucht an chaointe.