1. Lean Iób air lena aitheasc ansin agus dúirt:
2. Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart,Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.
3. Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn,Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,
4. Mar a bhí mé i laethanta mo shéin,Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha;
5. Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram,Agus mo chlann i mo thimpeall;
6. Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar,Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!
7. Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach,Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
8. Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh,Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh.
9. Scoir na flatha den chaint.Agus leag méara ar a mbeola.
10. D'éist glór na dtaoiseach,Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.