8. Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,Ná níor leag an leon a chosa air.
9. Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.
10. Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,Agus é ag faire amach do gach sort seoide.
11. Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha,Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.
12. Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáilAgus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?
13. Ní eol don duine an bealach chuici,Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.
14. Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”
15. Ní féidir í a cheannach ar ór,Ná díol aisti le meáchan airgid.
16. Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.
17. Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.
18. Ní fiú cuireal ná criostal a lua -I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.