6. Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.
7. Droch-chríoch ar m'eascara, dála an urchóidigh,Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.
8. Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,Agus ag ardú a anama chun Dé?
9. An n‑éistfidh Dia lena ghlaoNuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?
10. An é an tUilechumhachtach is gean leis?An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?
11. A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.
12. Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad,Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
13. Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach,Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.
14. Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh;Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.
15. Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh,Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.