Iób 25:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin d'fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:

2. Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]!Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.

3. An bhfuil áireamh ar líon a shluaite,Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?

4. Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé?Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?

5. Níl an ghealach féin geal,Ná na realtaí glan ina láthair.

Iób 25