Iób 24:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Baintear a dtalamh de leanaí gan athair,Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

10. Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh,Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.

11. Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna.Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.

12. Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair,Agus screadann an duine gonta ó chroí.Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].

13. Is cuma iad nó naimhde an tsolais;Ní eol dóibh a bhealaí,Agus seachnaíonn siad a chosáin.

14. Éiríonn an dunmharfóir roimh lá,Leis an mbocht agus an dealbh a mharú.Téann an gadaí timpeall san oíche,

15. Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.

16. Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.Sa lá téann siad i bhfolach;Ní eol dóibh siúd an solas.

17. Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,Mar is eol dóibh a huafáis.

Iób 24