Iób 24:4-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra,Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.

5. Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin,Agus ocras a gclainne [á ngriogadh]Chun bia a lorg sna steipeanna loma.

6. Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile,Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.

7. Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach,Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.

8. Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte,Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige.

9. Baintear a dtalamh de leanaí gan athair,Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

10. Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh,Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.

11. Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna.Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.

12. Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair,Agus screadann an duine gonta ó chroí.Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].

13. Is cuma iad nó naimhde an tsolais;Ní eol dóibh a bhealaí,Agus seachnaíonn siad a chosáin.

14. Éiríonn an dunmharfóir roimh lá,Leis an mbocht agus an dealbh a mharú.Téann an gadaí timpeall san oíche,

15. Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.

16. Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.Sa lá téann siad i bhfolach;Ní eol dóibh siúd an solas.

17. Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,Mar is eol dóibh a huafáis.

18. Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí;Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh.Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.

19. Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána.Dá scrúdódh Dia an peacach,

20. Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air,Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh.Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”

21. Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh,Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.

Iób 24