Iób 24:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Is cuma iad nó naimhde an tsolais;Ní eol dóibh a bhealaí,Agus seachnaíonn siad a chosáin.

14. Éiríonn an dunmharfóir roimh lá,Leis an mbocht agus an dealbh a mharú.Téann an gadaí timpeall san oíche,

15. Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.

16. Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.Sa lá téann siad i bhfolach;Ní eol dóibh siúd an solas.

17. Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,Mar is eol dóibh a huafáis.

18. Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí;Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh.Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.

19. Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána.Dá scrúdódh Dia an peacach,

20. Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air,Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh.Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”

21. Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh,Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.

22. Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh,Agus beireann sé bua le barr nirt,Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha,

23. Tugtar dó socracht agus taca.Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,

Iób 24