Iób 23:13-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo?Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.

14. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom,Dála a lán beartas eile atá socair aige.

15. Uime sin, tá uafás orm ina láthair;Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.

16. Scaip Dia mo mhisneach,Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.

17. Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air,Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.

Iób 23