18. Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair;Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
19. Óir réab sé botháin na mbocht,Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.
20. Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh,Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].
21. Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla,Agus anois ní bheidh a chonách buan.
22. Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall.Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.
23. (Nuair a líon sé a bholg...)Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air,Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.
24. Má theitheann sé ón arm iarainn,Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.
25. Tiocfaidh an crann amach trína dhroim,Agus an rinn trí mháilín a dhomlais.Tá stór uafas i ndán dó.
26. Agus tá an dorchadas go léir ar a thí.Tá tine gan bhoilg lena alpadh;Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.
27. Nochtfaidh na flaithis a urchóid,Agus éireoidh an talamh ina choinne.
28. Scuabfaidh díle a theach ar shiúl,Mar thuile lá na feirge.
29. Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh DéAgus oidhreacht a uaille ó Dhia.