Iób 20:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Déanann sé nimh nathrach a dhiúl;Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.

17. Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola,Ar shlaoda meala agus ime.

18. Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair;Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.

19. Óir réab sé botháin na mbocht,Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.

20. Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh,Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].

21. Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla,Agus anois ní bheidh a chonách buan.

22. Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall.Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.

23. (Nuair a líon sé a bholg...)Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air,Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.

24. Má theitheann sé ón arm iarainn,Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.

25. Tiocfaidh an crann amach trína dhroim,Agus an rinn trí mháilín a dhomlais.Tá stór uafas i ndán dó.

26. Agus tá an dorchadas go léir ar a thí.Tá tine gan bhoilg lena alpadh;Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.

Iób 20