10. Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais,Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
11. Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha,Ach luífidh sé leis sa chré
12. Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal,Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
13. Níor mhian leis scaoileadh léiAch moill a chur uirthi ina bhéal.
14. Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile,Déanann nimh nathrach de ina bholg.
15. An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag;Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.
16. Déanann sé nimh nathrach a dhiúl;Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.
17. Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola,Ar shlaoda meala agus ime.
18. Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair;Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
19. Óir réab sé botháin na mbocht,Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.
20. Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh,Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].