1. Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2. Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin;Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach;
3. Is beag orm an teagasc a fuaireas,Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm:
4. Is eol [dom] seo ó na cianta,Ó cuireadh an duine ar talamh:
5. Gur gearr í caithréim an urchóidigh,Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
6. Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéirAgus go sroichfeadh a cheann na néalta,
7. Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha;Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”
8. Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air.Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
9. An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh,Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.
10. Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais,Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
11. Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha,Ach luífidh sé leis sa chré
12. Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal,Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
13. Níor mhian leis scaoileadh léiAch moill a chur uirthi ina bhéal.
14. Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile,Déanann nimh nathrach de ina bholg.
15. An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag;Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.