1. Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc.
2. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”
3. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.”
4. Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.
5. Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.”
6. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”
7. Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
8. Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach.